Digital Marketing Executive (Performing Groups)

BackgroundThe National Concert Hall (NCH), based in the heart of Dublin City Centre, is Ireland's National Cultural Institution for music. Our vision is to be regarded worldwide as one of the great centres for music and a symbol of national pride for Irish people everywhere. Hosting over 1,000 events each year, we offer world class music and entertainment for all ages - enriching people's lives through music and the magic of live performance.Role summaryThe NCH is seeking suitable applications from candidates for the role of Digital Marketing Executive (Performing Groups) to become a core part of our Marketing Team.  This exciting post sits within the NCH’s Marketing and Communications Department which brings together communications, marketing, audience development, online/digital, public affairs, information, media, and press and publications for all areas of NCH activity. The overall purpose of the role of Digital Marketing Executive is to work as part of the team to continue the enhancement of our profile, brand promise and market position as Ireland’s National Concert Hall, in line with the overall National Concert Hall Strategy. This includes powerfully communicating the programme and all related activities to key audiences as well as engaging and involving stakeholders, partners and staff. The Digital Marketing Executive supports the marketing and digital functions within NCH to contribute to organisational targets and to implement the organisation’s marketing and online activity.  They will have a key focus in driving digital engagement with NCH’s Performing Groups, namely the National Symphony Orchestra, Choirs and Learning and Participation activities. Key responsibilitiesSupport the portfolio of brands, and grow awareness and loyalty online by using digital technologies, online marketing tools and social mediaBe responsible for updating and maintaining content on www.nch.ie, keeping content fresh and relevant with a view to improving SEO, driving traffic to site and improving customer service levels and CX onlineWork closely with the Management team in the management and use of social media platforms including content creation, social media advertising and campaign development to increase levels of engagement with audiences and potential attendeesWork within allocated budgetsKey Tasks and Role Activities To coordinate and create marketing campaigns, integrated with the Orchestra and Choirs overall strategic marketing plans, and to co-ordinate e-mail marketing and online advertising schedules in supporting salesTo proactively develop audience and subscriber relationships via online platforms such as X, Facebook and Instagram, thereby enhancing digital engagement To liaise with colleagues, promoters, partners, artists and stakeholders on digital and social media content To identify advertising/marketing and audience development opportunities on relevant online news and target interest sitesTo monitor customer comments online to respond/suggest responses in a timely and appropriate manner, to supervise the digital and online presence, identifying any reputational issues for timely response To ensure the accuracy, veracity and timeliness of information published online, including the dissemination of email and digital marketing campaigns Maintain legal requirements on accessibility of materials and legality of data capturedSupport promoter digital marketing activityTo measure and interpret results of digital marketing campaigns and disseminate to appropriate colleagues To develop and maintain a high level of knowledge of CMS, HTML, social media platform technologies and digital marketing tools and remain abreast of latest developmentsTo ensure all job activities are carried out in a manner that is professional and reliable and in accordance with the overall policies and strategies of the National Concert HallTo liaise with key stakeholders on the creation of rich media assetsMaintain knowledge of the Irish music, culture and the arts sector to brief colleagues on any changes in arts marketing/communications/digital industry legislation pertinent to this area of the NCH’s activity To carry out other duties as requested across the Marketing team Organisational Requirements To maintain the NCH’s high standard of customer care across all areas of organisational activity To work towards the achievement of the NCH’s organisational goals  As the post-holder may be the first point of contact for many external organisations and individuals, he/she is expected to remain up to date with, and aware of, developments within the NCH and its work. As the post requires handling, processing and recording of restricted information, confidentiality is required at all times. The PersonEssential Requirements The successful candidate must demonstrate evidence of:A third level qualification (Level 7 or above on the National Framework of Qualifications) in a relevant discipline (marketing, business, communications, digital, or music)3+ years marketing and/or digital marketing experience with demonstrable experience in the delivery of e-marketing campaigns, social media management, website management, digital marketing campaignsA strong interest and understanding of classical music will be essentialThe ability to work both independently and collaboratively within a demanding environment and foster cross departmental collaboration with other NCH functionsDemonstrate excellent communication, copywriting and interpersonal skillsStrong planning and organisation skills with the ability to work across multiple areas whilst prioritising competing demands and delivering tasks within tight deadlines to meet targetsExcellent working knowledge of HTML, SEO, Google Analytics, Google Ads, Social Media AdvertisingKey Competencies and Skills AssessmentThe key competencies and skills for this role that will be assessed at interview stage are:1.     Analysis and decision making 2.     Delivery of results3.     Interpersonal and communication skills4.     Specialist knowledge, expertise and self-development5.     Drive and commitment to public service valuesThe Executive Officer (PPC) salary scale (rates effective from 1 January 2024) applies for this position as follows:  €35,687 – €37,589 – €38,663 – €40,759 – €42,638 – €44,455 – €46,266 – €48,039 – €49,830 – €51,581 – €53,440 – €54,685 – €56,461* – €58,251**The successful candidate will be placed on the first point (€35,687) of the Executive Officer (PPC) salary scale.How to ApplyApplications should be submitted online and must include:1.    A cover letter outlining why you wish to be considered for the role and why you believe your skills and experience meet the requirements of the role and;2.    A comprehensive CV clearly showing your relevant achievements and experience in your career to date. Only applications fully submitted online will be accepted into the campaign.Further details on the role and the application process may be viewed in the Candidate Information Booklet at the following link: https://issuu.com/nationalconcerthall/docs/digital_marketing_executive_performing_groups_apri?fr=sMDkxMzYyNzY1MDMThe deadline to apply for this role is 5pm on Friday, 24th May 2024At NCH we are proud to be an inclusive, equal opportunity workplace. We are committed to equal employment opportunities regardless of Gender, Civil Status, Family Status, Sexual Orientation, Religion, Age, Disability, Race, Membership of the Traveller Community or any other characteristic protected by the Equality Acts.****************************************************************************************************Teideal an phoist: Feidhmeannach Margaíochta Digití (Taibhghrúpaí) Tionacht: Lánaimseartha, buan An tÚdarás is Fostóir:            An Ceoláras Náisiúnta  Láthair: Ardán Phort an Iarla, Naomh Caoimhín, Baile Átha Cliath, D02 N527Suíomh idirlín na heagraíochta:          www.nch.ie  Achoimre ar an rólTá an Ceoláras Náisiúnta ag lorg iarratais oiriúnacha ó iarrthóirí ar ról mar Fheidhmeannach Margaíochta Digití (Taibhghrúpaí) a bheidh ina c(h)uid lárnach dár bhFoireann Margaíochta.  I Rannóg Margaíochta agus Cumarsáide an Cheolárais a bheidh an post spreagúil seo, áit a dtugtar le chéile cumarsáid, margaíocht, forbairt spriocphobal, cúrsaí ar líne/digiteacha, gnóthaí poiblí, faisnéis, na meáin, an preas agus foilseacháin le haghaidh gach réimse de ghníomhaíocht an Cheolárais. Is é is cuspóir foriomlán do ról an Fheidhmeannaigh Margaíochta Digití ná oibriú mar chuid den fhoireann chun leanúint dár bpróifíl, dár ngealltanas branda agus dár suíomh margaidh mar Cheoláras Náisiúnta na hÉireann a fheabhsú de réir Straitéis Fhoriomlán an Cheolárais Náisiúnta. Áirítear leis sin an clár agus na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir a chur in iúl ar bhealach cumhachtach do spriocphobail thábhachtacha, chomh maith le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, comhpháirtithe agus ball foirne a spreagadh. Beidh an Feidhmeannach Margaíochta Digití ag tacú leis na feidhmeannais mhargaíochta agus dhigiteacha laistigh den Cheoláras le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo spriocanna eagraíochtúla agus le gníomhaíochtaí margaíochta agus ar líne na heagraíochta a chur i bhfeidhm.  Beidh príomhfhócas aige nó aici ar rannpháirtíocht dhigiteach a bhrú chun cinn le Taibhghrúpaí an Cheolárais, amhail an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta, Cóir, agus gníomhaíochtaí Foghlama agus Rannpháirtíochta. PríomhfhreagrachtaíTacú le punann na mbrandaí, agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí margaíochta ar líne agus na meáin shóisialta le feasacht agus dílseacht a mhéadú ar líneA bheith freagrach as ábhar ar www.nch.ie a nuashonrú, a chothabháil agus a choinneáil úr agus ábhartha d’fhonn an suíomh a bharrfheabhsú d’innill chuardaigh, trácht a mhealladh chuig an suíomh agus na leibhéil seirbhíse don chustaiméir agus eispéireas ar líne an chustaiméara a fheabhsúOibriú go dlúth leis an bhFoireann Bainistíochta ar bhainistiú agus úsáid na n-ardán meán sóisialta, lena n-áirítear cruthú ábhair, fógraíocht ar na meáin shóisialta agus forbairt feachtas chun rannpháirtíocht spriocphobal agus spriocphobal féideartha a mhéadú.Feidhmiú de réir na mbuiséad leithroinntePríomhthascanna agus Príomhghníomhaíochtaí an Róil Feachtais mhargaíochta a chomhordú agus a chruthú, iad comhtháite le pleananna foriomlána margaíochta straitéisí na Ceolfhoirne agus na gCór ar an iomlán, agus margaíocht ríomhphoist agus sceidil fógraíochta ar líne a chomhordú le tacú le díolacháin.Caidreamh a fhorbairt go réamhghníomhach le spriocphobail agus síntiúsóirí trí ardáin ar líne amhail X, Facebook agus Instagram, agus rannpháirtíocht dhigiteach a fheabhsú ar an gcaoi sin Idirchaidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe, tionscnóirí, comhpháirtithe, ceoltóirí agus páirtithe leasmhara maidir le hábhar digiteach agus ábhar le haghaidh na meán sóisialta Deiseanna fógraíochta/margaíochta agus deiseanna forbartha spriocphobal a aithint ar láithreáin ghréasáin nuachta agus sainspéiseMonatóireacht a dhéanamh ar thráchtanna a dhéanann custaiméirí ar líne chun freagra a thabhairt/freagraí a mholadh ar bhealach tráthúil agus cuí, maoirseacht a dhéanamh ar an láithreacht dhigiteach agus ar líne agus sainaithint a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le clú le gur féidir freagra a thabhairt orthu go tráthúil Cruinneas, fírinneacht agus tráthúlacht na faisnéise a fhoilsítear ar líne a chinntiú, lena n-áirítear scaipeadh feachtas ríomhphoist agus margaíochta digití Ceanglais dlí a chomhlíonadh maidir le hinrochtaineacht ábhar agus dlíthiúlacht na sonraí a bhailítearTacú le gníomhaíocht margaíochta digití tionscnóiríNa torthaí ó fheachtais margaíochta digití a thomhas agus a léirmhíniú, agus iad a scaipeadh ar chomhghleacaithe cuí Ardchur amach a fhorbairt agus a choinneáil ar CMS, HTML, teicneolaíochtaí ardán meán sóisialta agus uirlisí margaíochta digití, agus coinneáil ar an eolas faoi na forbairtí is déanaíA chinntiú go gcuirtear gníomhaíochtaí uile an phoist i gcrích ar bhealach atá gairmiúil agus iontaofa, agus atá i gcomhréir le beartais agus straitéisí foriomlána an Cheolárais Náisiúnta.Idirchaidreamh a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara maidir le sócmhainní méithmheán a chruthúEolas a choinneáil ar earnáil an cheoil, an chultúir agus na n-ealaíon in Éirinn chun eolas a thabhairt do chomhghleacaithe ar aon athruithe ar reachtaíocht margaíochta digití/chumarsáide/tionscail dhigiteach is infheidhme maidir leis an réimse seo de ghníomhaíocht an Cheolárais Dualgais eile a chomhlíonadh ar iarratas ar fud na Foirne Margaíochta Riachtanais Eagraíochtúla Ardchaighdeán cúraim custaiméirí an Cheolárais a choinneáil i ngach réimse de ghníomhaíocht na heagraíochta Oibriú chun spriocanna eagraíochtúla an Cheolárais a bhaint amach  Toisc go bhféadfadh sealbhóir an phoist a bheith ar an gcéad phointe teagmhála ag go leor eagraíochtaí seachtracha agus daoine aonair, táthar ag súil go bhfanfaidh sé nó sí suas chun dáta agus eolach ar fhorbairtí laistigh den Cheoláras agus dá chuid saothair. Toisc go gcaithfear faisnéis shrianta a láimhseáil, a phróiseáil agus a thaifeadadh sa ról seo, beidh rúndacht ag teastáil i gcónaí.  An Té a nÉireoidh leis nó léiBunriachtanais Beidh ar an té a n-éireoidh leis nó léi fianaise a thabhairt ar na rudaí seo a leanas:Cáilíocht tríú leibhéal (Leibhéal 7 nó os a chionn de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí) i ndisciplín cuí (margaíocht, gnó, cumarsáid, digiteach, nó ceol)Taithí 3 bliana ar a laghad ar an margaíocht agus/nó ar an margaíocht dhigiteach, le taithí inléirithe ar fheachtais ríomh-mhargaíochta, ar an mbainistíocht meán sóisialta, ar an mbainistíocht láithreán gréasáin agus ar fheachtais margaíochta digitíBeidh suim láidir sa cheol clasaiceach agus tuiscint mhaith air riachtanachAn cumas a bheith aige nó aici obair a dhéanamh go neamhspleách agus mar bhall d’fhoireann i dtimpeallacht dhúshlánach, agus comhoibriú tras-rannach a chothú le feidhmeannais eile sa CheolárasSárscileanna cumarsáide, cóipscríbhneoireachta agus idirphearsanta a léiriúSárscileanna pleanála agus eagrúcháin a bheith aige nó aici agus a bheith in ann obair a dhéanamh thar réimsí éagsúla agus, ag an am céanna, tosaíocht a thabhairt d’éilimh atá i gcomórtas lena chéile. Tascanna a chur i gcrích de réir spriocamanna dochta chun spriocanna a bhaint amachAn-chur amach ar HTML, SEO, Google Analytics, Google Ads, agus ar an bhFógraíocht ar na Meáin Shóisialta Measúnú ar Phríomhinniúlachtaí agus PríomhscileannaIs iad seo a leanas na príomhinniúlachtaí agus na príomhscileanna a bheidh ag teastáil sa ról seo, a ndéanfar measúnú orthu ag céim an agallamh:1.     Anailísiú agus cinnteoireacht 2.     Torthaí a bhaint amach3.     Scileanna idirphearsanta agus cumarsáide4.     Saineolas, oilteacht agus féinfhorbairt5.     A bheith tiomanta do luachanna na seirbhíse poiblíTá feidhm ag scála tuarastail an Oifigigh Feidhmiúcháin (PPC) (na rátaí a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024) maidir leis an bpost seo mar seo a leanas:  €35,687 – €37,589 – €38,663 – €40,759 – €42,638 – €44,455 – €46,266 – €48,039 – €49,830 – €51,581 – €53,440 – €54,685 – €56,461* – €58,251**An t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi, cuirfear ar an gcéad phointe (€35,687) ar scála tuarastail an Oifigigh Feidhmiúcháin (PPC) é nó í. Cén Chaoi Iarratas a DhéanamhBa cheart an t-iarratas a chur isteach ar líne agus na nithe seo a leanas a bheith ina theannta:1.     Litir chumhdaigh ina dtugtar achoimre ar an bhfáth ar mian leat go gcuirfí san áireamh thú don phost seo agus an fáth a gcreideann tú go bhfuil do chuid scileanna agus taithí ag teacht le riachtanais an róil agus;2.     CV cuimsitheach ina léirítear nithe ábhartha atá bainte amach agat agus an taithí bhainteach atá faighte agat i do ghairmréim go dtí seo.Ní ghlacfar ach le hiarratais a chuirtear isteach go hiomlán ar líne.Is féidir tuilleadh sonraí faoin ról agus faoin bpróiseas déanta iarratais a fháil sa Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí ag an nasc seo a leanas: https://issuu.com/nationalconcerthall/docs/digital_marketing_executive_performing_groups_apri?fr=sMDkxMzYyNzY1MDMIs é 5 i.n., Dé hAoine, an 24 Bealtaine 2024 an spriocdháta le cur isteach ar an ról seoIs ionad oibre ionchuimsitheach le comhionannas deiseanna é an Ceoláras, rud is cúis bhróid dúinn. Táimid tiomanta do chomhdheiseanna fostaíochta, is cuma cén Inscne, Stádas Sibhialta, Stádas Teaghlaigh, Claonadh Gnéasach, Creideamh Reiligiúnach, Aois, Míchumas nó Cine atá agat, más duine den Lucht Siúil thú, nó aon saintréith eile atá cosanta ag na hAchtanna Comhionannais.  




If you are seeing this message it may be an redirection error, please contact our support with this code: TW96aWxsYS81LjAgQXBwbGVXZWJLaXQvNTM3LjM2IChLSFRNTCwgbGlrZSBHZWNrbzsgY29tcGF0aWJsZTsgQ2xhdWRlQm90LzEuMDsgK2NsYXVkZWJvdEBhbnRocm9waWMuY29tKQ==