Assistant Music Librarian

Job Title: Assistant Music Librarian  Grade: NCH Administrative Executive (PPC)   Role Location: National Concert Hall, Dublin. Due to the nature of this role considerable travel will be required on an ongoing basis to accommodate the orchestra and its programming commitments together with other business requirements both nationally and touring overseas.  Reporting to: Music Librarian   Background   The National Concert Hall (NCH), based in the heart of Dublin City Centre, is Ireland's National Cultural Institution for music. Our vision is to be regarded worldwide as one of the great centres for music and a symbol of national pride for Irish people everywhere. Hosting over 1,000 events each year, we offer world class music and entertainment for all ages - enriching people's lives through music and the magic of live performance.  Role Summary  The Assistant Music Librarian is responsible for the NSO music library, archive and information functions expected for a performance and broadcasting orchestra. To help develop and maintain the music library of printed music, the catalogue and other associated data.  Key Responsibilities Reporting into the Music Librarian, the role of Assistant Music Librarian will be responsible for, but not limited to, the following;  Provide a first-class Music Librarian service and ensure excellent relations with musicians, production departments and other users of the orchestra. Ensure the orchestra has the required performance materials for all activity. To act as a main point of contact to the NCH Music Library, deputising for the Music Librarian as required. To coordinate the movement of music between all locations that the orchestra is operating. To ensure that any issues regarding supply of materials to artists and musicians are dealt with and communicated to the Head of Orchestra and Chorus, Orchestra Manager and Concerts & Planning Coordinator as necessary. To provide backstage support and management at sessions as agreed with Orchestra Manager and on occasion be the representative of the management team. To provide information and answer queries from orchestral members, freelance musicians, management and artists. To assist the Music Librarian in maintaining the retention sets that we hold. Make full use of computer-based systems within NCH as a means of accomplishing the demands of the post. To assist the Orchestra Manager in orchestral administrative tasks when required such as tour preparation. Undertake any such other duties as agreed with the Head of Orchestra and Chorus, Orchestra Manager or Music Librarian. To be part of a dynamic Orchestra Team - and help where required particularly when busy. To undertake domestic and overseas tours when required by the Head of Orchestra and Chorus. The above is not intended to be comprehensive list of all duties involved and consequently, the post holder may be required to perform other duties as appropriate to the post which may be assigned to him/her from time to time and to contribute to the development of the role in line with ongoing change within NCH.  Person Specification   The successful candidate should be able to demonstrate the below: Essential At least 1 year experience working in a music library. A wide general knowledge of music and musicians, and knowledge of the repertoire of the National Symphony Orchestra. An understanding of the major European musical languages.  Experience in the delivery and running of concerts. The ability to hand-copy orchestral parts and use computer-based music notation systems as necessary. The ability to apply high professional standards under pressure and work without supervision in order to meet strict deadlines. Flexibility and adaptability to work in an ever-changing environment. Capacity to effectively deputise for the Librarian when necessary. Excellent interpersonal skills, especially when dealing with musicians, conductors, soloists and producers. A willingness to work anti-social hours, including weeknights, bank holidays and weekends when necessary. Desirable Good experience of a broadcast orchestra environment A suitable qualification in music, librarianship and/or music librarianship Knowledge of international copyright laws Capability Framework for Administrative Executive GradeCandidates should demonstrate the ability to carry out successfully the duties of the role, as well as the behaviours, skills and knowledge required at Administrative Officer grade.   The capability framework supports the Civil and Public Service in building the workforce of the future. Our ambition is to attract, empower and develop a diversity of people, with the capability and talent to collaboratively deliver excellence, on behalf of our government and the people of Ireland. Exploring and strengthening Capability requires us to consider the whole person, their behaviours, skills, strengths, knowledge, values, motivation and interests. These factors underpin our approach to recruitment and development as we continue to build an innovative, professional, and agile Civil Service. The capability framework for Administrative Officer grade is set out below and further information is available on https://www.publicjobs.ie/en/information-hub/capability-framework/administrative-officer  ·     Building Future Readiness.·     Evidence Informed Delivery.·     Leading and Empowering.·     Communicating and Collaborating. PayThe NCH Administrative Executive (PPC) salary scale applies as follows;€41,666 - €43,566 - €45,400 - €47,229 - €49,019 - €50,832 - €52,617 - €54,514 Please note that appointment will be made at the first point on this salary scale. The PPC pay scale will apply where the appointee is an existing civil or public servant appointed on or after 6th April 1995 and is required to make a personal pension contribution. It will also apply to new permanent employees and fixed term un-established employees.How to ApplyThe National Concert Hall invites applications from suitably qualified candidates and will be undertaking a comprehensive recruitment process as part of this recruitment campaign.   Applications should be submitted online and must include:  A cover letter outlining why you wish to be considered for the role and why you believe your skills and experience meet the requirements of the role and; A comprehensive CV clearly showing your relevant achievements and experience in your career to date.  Only applications fully submitted online will be accepted into the campaign. Further information is available in the Candidate Information Booklet available at this link: NSO Assistant Music Librarian Candidate Booklet by National Concert Hall - IssuuThe closing date for applications is Wednesday, 23 April 2025 at midnight.___________________________________________________________________________________________________________________________________________________________  Teideal an Phoist: Leabharlannaí Ceoil Cúnta Grád: Feidhmeannach Riaracháin sa Cheoláras Náisiúnta (PPC) Suíomh an Róil: An Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath. Beidh roinnt mhaith taistil i gceist leis an ról seo ar bhonn leanúnach chun freastal ar an gceolfhoireann agus ar a cuid gealltanas clár mar aon le riachtanais ghnó eile go náisiúnta agus ar chamchuairteanna thar lear. Ag tuairisciú don: Leabharlannaí Ceoil  Cúlra Is é an Ceoláras Náisiúnta (an Ceoláras), atá lonnaithe i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, Foras Cultúrtha Náisiúnta na hÉireann maidir leis an gceol. Is é an fhís atá againn ná go mbreathnófar orainn mar cheann de na hionaid cheoil is fearr dá bhfuil ann ar fud na cruinne, rud ar féidir le muintir na hÉireann a bheith iontach bródúil as. Agus os cionn 1,000 imeacht á n-óstáil againn gach bliain, cuirimid ceol agus siamsaíocht den scoth ar fáil do gach aoisghrúpa, rud a chuireann leis an saol trí cheol agus draíocht an léirithe bheo. Achoimre ar an Ról Tá an Leabharlannaí Ceoil Cúnta freagrach as leabharlann cheoil an NSO, agus as na gnáthfheidhmeanna cartlainne agus faisnéise a shamhlófá le ceolfhoireann léirithe agus craolacháin. Cuidiú le forbairt agus cothabháil na leabharlainne ceoil ó thaobh ceol clóite, na catalóige agus sonraí gaolmhara eile de. PríomhfhreagrachtaíAg tuairisciú don Leabharlannaí Ceoil, beidh an Leabharlannaí Ceoil Cúnta freagrach as na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh; ·       Seirbhís Leabharlannaí Ceoil den chéad scoth a sholáthar agus caidreamh sármhaith a chothú le ceoltóirí, rannóga léiriúcháin agus úsáideoirí eile na ceolfhoirne.Cinntiú go bhfuil na hábhair léirithe riachtanacha ag an gceolfhoireann do gach cineál gníomhaíochta.Bheith mar phríomhphointe teagmhála le Leabharlann Cheoil an Cheolárais, agus ionadaíocht a dhéanamh ar son an Leabharlannaí Ceoil de réir mar is gá.Comhordú a dhéanamh ar aistriú an cheoil idir na háiteanna éagsúla a mbeidh an cheolfhoireann ag feidhmiú iontu.A chinntiú go ndéileáiltear le haon cheisteanna maidir le soláthar ábhar d’ealaíontóirí agus do cheoltóirí agus go gcuirtear na ceisteanna sin in iúl do Cheannasaí na Ceolfhoirne agus an Chóir, do Bhainisteoir na Ceolfhoirne agus don Chomhordaitheoir Pleanála & Ceolchoirmeacha de réir mar is gá.Tacaíocht agus bainistíocht chúlstáitse a sholáthar ag seisiúin mar a chomhaontófar le Bainisteoir na Ceolfhoirne agus ó am go ham feidhmiú mar ionadaí thar ceann na foirne bainistíochta.Eolas a thabhairt do bhaill na ceolfhoirne, do shaorcheoltóirí, don bhainistíocht agus d’ealaíontóirí, agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt.Cabhrú leis an Leabharlannaí Ceoil na tacair choinneála atá againn a chothabháil.Úsáid iomlán a bhaint as córais ríomhchuidithe an Cheolárais chun dualgais an phoist a chomhlíonadh.Cabhair a thabhairt do Bhainisteoir na Ceolfhoirne tascanna riaracháin na ceolfhoirne, amhail camchuairteanna a ullmhú, a chur i gcrích nuair is gá.Tabhairt faoi aon dualgais eile mar a chomhaontófar iad le Ceann na Ceolfhoirne agus an Chóir, le Bainisteoir na Ceolfhoirne nó leis an Leabharlannaí Ceoil.A bheith mar bhall de cheolfhoireann dhinimiciúil - agus lámh chúnta a thabhairt le linn tréimhsí gnóthacha go háirithe.Taisteal in éineacht leis an gceolfhoireann ar chamchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta nuair a iarrfaidh Ceann na Ceolfhoirne agus an Chóir ort é sin a dhéanamh.Níl sé i gceist go mbeadh an méid thuas ina liosta cuimsitheach de na dualgais go léir a bheidh ag an té a cheapfar agus, dá bharr sin, d’fhéadfadh go mbeadh ar an té a cheapfar dualgais eile a chomhlíonadh mar is cuí don phost a d’fhéadfaí a shannadh dó/di ó am go chéile agus cur le forbairt an róil ag teacht leis an dul chun cinn leanúnach atá ag tarlú laistigh den Cheoláras. Sonraíocht faoin bPearsa  Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh an té a cheapfar in ann fianaise ar na rudaí seo a leanas a thabhairt:BunriachtanachTaithí bliain amháin ar a laghad ag obair i leabharlann cheoil;Eolas ginearálta fairsing ar an gceol agus ar cheoltóirí, agus eolas ar repertoire na Ceolfhoirne Siansaí Náisiúnta.Tuiscint ar phríomh-shainstíleanna ceoil na hEorpa. Taithí maidir le ceolchoirmeacha a eagrú agus a sheachadadh.A bheith in ann páirteanna ceolfhoirneacha a chóipeáil de láimh agus córais nodaireachta ceoil ríomhchuidithe a úsáid de réir mar is gá.A bheith in ann ardchaighdeáin ghairmiúla a chur i bhfeidhm fiú amháin agus brú ort agus a bheith ag obair as do stuaim féin chun cloí le sprioc-amanna an-dochta.A bheith solúbtha agus a bheith in ann déileáil le dálaí éagsúla i dtimpeallacht atá ag síorathrú.A bheith in ann ionadaíocht éifeachtach a dhéanamh ar son an Leabharlannaí nuair is gá.Scileanna idirphearsanta den chéad scoth a bheith agat, go mór mór agus tú ag déileáil le ceoltóirí, stiúrthóirí, aonréadaithe agus léiritheoirí.A bheith réidh uaireanta taobh amuigh d’uaireanta oifige a chur isteach, lena n-áirítear oícheanta i rith na seachtaine, laethanta saoire bainc agus deirí seachtaine nuair is gá.Inmhianaithe·       Taithí ag obair le ceolfhoireann craolacháin·       Cáilíocht chuí sa cheol, sa leabharlannaíocht agus/nó sa leabharlannaíocht cheoil·       Eolas a bheith agat ar an dlí cóipchirt idirnáisiúntaCreat CumaisBa cheart d’iarrthóirí a léiriú go bhfuil ar a gcumas tabhairt faoi dhualgais an róil go rathúil, agus go bhfuil an t-iompar, na scileanna agus an t-eolas acu a theastaíonn ar ghrád an Oifigigh Feidhmiúcháin. Tacaíonn an creat inniúlachta leis an Státseirbhís agus leis an tSeirbhís Phoiblí fórsa oibre a fhorbairt a sheasfaidh an aimsir. Is í ár n-uaillmhian éagsúlacht daoine a mhealladh, a chumasú agus a fhorbairt, daoine a bhfuil an cumas agus an tallann acu sármhaitheas a sholáthar go comhoibritheach, thar ceann an rialtais agus mhuintir na hÉireann.Ar mhaithe le Cumas a fhiosrú agus a neartú, tá orainn an duine iomlán – iompar, scileanna, láidreachtaí, eolas, luachanna, spreagadh agus ábhair spéise – a chur san áireamh. Buntacaíonn na tosca seo lenár gcur chuige i leith earcaíochta agus forbartha de réir mar a leanaimid le Státseirbhís nuálach, ghairmiúil agus lúfar a thógáil.Tá an creat cumais do ghrád an Phríomhoifigigh leagtha amach thíos agus tá eolas breise ar fáil ag https://www.publicjobs.ie/en/information-hub/capability-framework/administrative-officer ·   Ag Ullmhú don Todhchaí.·   Soláthar atá Bunaithe ar Fhianaise.·   Treoir agus Cumhacht a Thabhairt.·   Cumarsáid agus Comhoibriú. PáBeidh feidhm ag scála tuarastail an Feidhmeannach Riaracháin sa Cheoláras Náisiúnta (RPP) mar seo a leanas:€41,666 - €43,566 - €45,400 - €47,229 - €49,019 - €50,832 - €52,617 - €54,514 Tabhair faoi deara gur ag an gcéad phointe ar an scála tuarastail seo a dhéanfar an ceapachán. Beidh feidhm ag an scála pá RPP i gcás go bhfuil an ceapaí ina státseirbhíseach nó ina f(h)ostaí sa tseirbhís phoiblí cheana féin a ceapadh ar an 6 Aibreán 1995 nó ina dhiaidh sin agus a n-éilítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta pinsin a dhéanamh. Beidh feidhm ag an scála seo freisin maidir le buanfhostaithe nua agus fostaithe neamhbhuana atá ar chonradh téarma seasta.Cén Chaoi Iarratas a Dhéanamh Ba cheart an t-iarratas a chur isteach ar líne agus na nithe seo a leanas a bheith ina theannta: 1.    Litir chumhdaigh ina dtugtar achoimre ar an bhfáth ar mian leat go gcuirfí san áireamh thú don phost seo agus an fáth a gcreideann tú go bhfuil do chuid scileanna agus taithí ag teacht le riachtanais an róil agus; 2.    CV cuimsitheach ina léirítear nithe ábhartha atá bainte amach agat agus an taithí bhainteach atá faighte agat i do ghairmréim go dtí seo.  Ní ghlacfar ach le hiarratais a chuirtear isteach go hiomlán ar líne. Is féidir tuilleadh sonraí faoin ról agus faoin bpróiseas déanta iarratais a fháil sa Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí ag an nasc seo a leanas: NSO Assistant Music Librarian Candidate Booklet by National Concert Hall - IssuuIs é Dé Céadaoin, 23 Aibreán 2025 ag meán oíche an spriocdháta d'iarratais.




If you are seeing this message it may be an redirection error, please contact our support with this code: TW96aWxsYS81LjAgQXBwbGVXZWJLaXQvNTM3LjM2IChLSFRNTCwgbGlrZSBHZWNrbzsgY29tcGF0aWJsZTsgQ2xhdWRlQm90LzEuMDsgK2NsYXVkZWJvdEBhbnRocm9waWMuY29tKQ==